Misc Traditional – Bhríd Óg Ní Mháille (Guitar)

Key
-

Auto-scroll

Chords

[Verse]
G                Bm
Is a Bhríd Óg Ní Mháille

C                          Em
'S tú d'fhág mo chroí cráite

Em              Bm                           Em
S chuir tú arraingeacha An bháis fríd cheartlár mo chroí

Em          Bm      G                C
Tá na céadta fear i ngrá Le d'éadan ciúin náireach

G      Em       Am        C               G
Is go dtug tú barr breáchtacht' Ar Thír Oirghiall más fíor
[Verse]
G                             Bm
Níl ní ar bith is áille
C Em Ná'n ghealach os cionn a' tsáile
Em               Bm                           Em
Ná bláth bán na n-airne Bíos ag fás ar an draighean

Em      Bm            G             C
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa Níos trilsí le breáchtacht

G       Em             Am         C             G
Béilín meala na háilleacht' Nach ndearna riamh claon
[Verse]
G               Bm
Is buachaill deas óg mé
C Em Tá triall chun mo phósta
Em            Bm          G                Em
'S ní buan i bhfad beo mé Mura bhfaighidh mé mo mhian

Em          Bm      G   C
A chuisle is a stóirín Déan réidh agus bí romhamsa

G      Em        Am        C               G
Cionn deireanach den Domhnach Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh
[Verse]
G                      Bm
Is tuirseach 's brónach

C                        Em
A chaithimse an Domhnach

Em              Bm             G              Em
Mo hata 'mo dhorn liom 'S mé ag osnaíl go trom

Em           Bm        G                C
'S mé ag amharc ar na bóithre 'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann

G        Em       Am        C                  G
'S í ag fear eile pósta Is gan í bheith liom
[Verse]
G                Bm
Oh Bridget O'Malley,

C                          Em
you have left my heart shaken

Em               Bm        G                 Em
With a hopeless desolation I'd have you to know

Em          Bm      G                C
Tis the wonders of admiration your quiet face has taken

G       Em      Am        C               G
And your beauty will haunt me wherever I go